Annemarie Ní Churreáin by Enda RowanAnnemarie Ní Churreáin delivers a poetry workshop, Ag Lorg Óir – Panning for Gold: Ceardlann Filíocta on 22 July 2022 for BRÓD na Gaeltachta / The Donegal Gaeltacht Pride Weekend.

Leibhéil: Cuirtear fáilte roimh dhaoine le gach leibhéal taithí agus cumais.

Tugtar cuireadh duit freastal ar cheardlann ina ndéanfar ceird agus ealaín cumadh na filíochta a spíonadh leis an fhile iomráití Annemarie Ní Churreáin. Gheobhaidh rannpháirtithe léargas ar chumadh filíochta i dtimpeallacht spreagúil tacúil agus cuirfear ar a gcumas téamaí ábhartha filíochta a aithint. Le linn na ceardlainne beifear ag plé an dóigh a gcuirtear tús leis an dán, cá dtagann sé as agus cad mar a dhéanfar an chéad dréacht a leagan síos ar pháipéar. Bainfear úsáid as cleachtaí ceardlainne ar nós leideanna don scríbhneoireacht chruthaitheach, filí aitheanta ag léamh agus ag déanamh anailíse ar a gcuid filíochta, agus plé sa ghrúpa.

Beidh an ceardlann seo ar siúl i seanteach Mhicí Mhic Gabhann, údar Rotha Mór an tSaoil (The Hard Road to Klondike). Rugadh Micí sa bhliain 1865, bhí dhá chloigeann déag ina chlann agus ba é féin an duine ba shine sa teaghlach. D’fhág Mac Gabhann Doire Chonaire nuair a bhí sé ina fhear óg, d’oibrigh sé ar fud Mheiriceá sular thug sé aghaidh ar Yukon i dtóraíocht an óir.


Levels: All levels of experience and ability welcome.

Join poet Annemarie Ní Churreáin for a workshop exploring the art and craft of writing poetry. In an encouraging and supportive environment, participants will learn to identify resonant poetry themes, gaining insights into the making of a poem. In this workshop we’ll look at how and where a poem begins and how we can get a first draft onto the page. Workshop exercises will include creative writing prompts, close reading of work by established poets, and group discussion.

This workshop will take place in the former home of Micí Mac Gabhann, the author of Rotha Mor an tSaoil (The Hard Road to Klondike). Born in 1865, the eldest of twelve children, Mac Gabhann left Derryconnor as a young man and eventually worked his way across America, before embarking on the gold rush in the Yukon.


ALSO that same night she’ll be joining harpist Lucia McGinnis at St Anne’s Church Killult for a special performance. I Loinnir Lugh: poetry & harp accompaniment

Is as Contae Dhoire í Lucia McGinnis ó dhúchas agus seinneann sí an chláirseach Ghaelach. Rinne sí staidéar ar an chláirseach le linn di Baitsiléir Ealaíon sa Cheol agus Rince Gaelach a bhaint amach in Ollscoil Luimnigh agus ansin thraenáil sí mar Theiripeoir Ceoil le Máistreacht sna hEalaíona. Tá tionchar ag a teagascóirí An Dr Janet Harbison, Michael Rooney agus Laoise Kelly ar a seinm agus faoi láthair tá sí ag feidhmiú mar theagascóir príobháideach agus ag teagasc in Acadamh Ceoil Éireannach i gClóidigh i gContae Dhoire.
Lucia McGinnis is an Irish Harp player from County Derry. Lucia studied the harp at the University of Limerick with a Bachelor of the Arts in Irish Music and Dance and further trained as a Music Therapist with a Masters in the Arts. Her playing is influenced by her tutors Dr. Janet Harbison, Michael Rooney and Laoise Kelly. She is currently a private tutor and teaching at an Irish Music Academy in Claudy Co. Derry.
Subscribe To Our Newsletter

Subscribe To Our Newsletter

Join our mailing list to receive the latest news and updates from The Gallery Press team.

You have Successfully Subscribed!

0
    0
    Your Cart
    Your cart is emptyReturn to Shop