Seachtain na GaeilgeSeachtain Na Gaeilge: Léamh ficsin agus filíocht le Thaddeus Ó Buachalla agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Dé Céadaoin / Wednesday 16th March 2022
4:00 – 5:00 pm Waterstones, Cork
Is údar Gaeilge as Cathair Chorcaí é Thaddeus Ó Buachalla. Bhronn Coláiste na hOllscoile Corcaigh dochtúireacht air i 2015. Tá dhá leabhar i gcló aige a bhí foilsithe ag Coiscéim, Clocháin sa Scoilt i 2019 agus EL, úrscéal nuafhoilsithe a bronnadh duais air i gComórtas Liteartha an Oireachtais I 2021
File Gaeilge í Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Saolaíodh i dTrá Lí í i 1984 agus fuair sí a cuid oideachais trí Ghaeilge ar an mbaile sin. D’fhreastail sí ar Ollscoil na hÉireann Gaillimh, áit ar bhain sí céim BA, MA agus PhD amach. Chaith sí tréimhsí sa Fhrainc ag staidéar agus ag múineadh, chomh maith le bliain i Nua-Eabhrac ar scoláireacht Fulbright. D’fhoilsigh Coiscéim na cnuasaigh filíochta Péacadh (2008) agus Tost agus Allagar (2016). Ghnóthaigh Tost agus Allagar Duais Uí hAirtnéide in 2019.
The Coast Road an teideal atá ar chnuasach dátheangach a d’fhoilsigh Gallery Press mar a bhfuil aistriúcháin le filí aitheanta an Bhéarla. Mar chuid den sraith ‘File ar Fhile,’ d’fhoilsigh Cois Life aistriúcháin léi ar fhilíocht Andrée Chedid. Bronnadh Duais Lawrence O’Shaughnessy uirthi in 2020. Léachtóir le Gaeilge í i UCC
Subscribe To Our Newsletter

Subscribe To Our Newsletter

Join our mailing list to receive the latest news and updates from The Gallery Press team.

You have Successfully Subscribed!

0
    0
    Your Cart
    Your cart is emptyReturn to Shop